Students
» Áras Uí Thuama | Ionad Cónaithe Gaeilge
Forbhreathnú
Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Tógadh an t-áras álainn seo sa bhliain 2006. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu).
Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomh-phost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile.
Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus Ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an Ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded' shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?
Cóiríocht Cur Síos
Seomraí Codlata/staidéir:
- Binse staidéir agus lampa léitheoireachta
- Leaba dhúbailte le slí stórála
- Seilpeanna
- Scáthán lánfhada
- Soinc
- Cófraí
- Clár Fógraí
- Tá ceangal teilifíse i ngach seomra.
- NB: Caithfidh gach áitritheoir éadaí leapan, cuilt agus piliúir a thabhairt leis / lei.
An Chistin /Seomra Comhluadair:
- Larta Leictreonach
- Oigheann Leictreonach
- Oigheann Micreathonnach
- Cófraí
- Folúsghlantóir
- Cuisneoir/Reoiteoir
- Áraistí
- Sceanra
- Teilifíseán
- Iarann/Bord smúdála
- Tóstaer
- Citeal
- Tá teileafón poiblí i ngach árasán.
Tógáil Coimpléasc
Tá a lán áiseanna ar fáil in Áras Uí Thuama ina measc:
Árasán le 2,3,4 sheomra codlata le "en-suite" i bhformhór acu

Ceangal idirlín saor in aisce

Teas lárnach leictreach Goldshield

Teilifíseán daite (cábla)

Páirceáil shlán rothair

Níolann féinseirbhíse (Tá táille i gceist)

Bailiú Bruscair

Maoir Chónaithe
Áirithintí
Scoláireachtaí 500 euro / (500 euro Scholarship).
Áiteanna ar fáil / Places available.
Suíomh
Victoria Cross
Cork
Ireland
Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh






